Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall ac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 304

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 304

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 304
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí fear i gCrathoigh fada o shoin agus ní raibh aige ach cú mór bán. Oidhche amháin chuaidh sé a luighe ar shráideoig chochain abhí ar an urlár.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus d’iarr sé ar a chú gan duine ar bith a leigint isteach ‘un toighe.
    I lár na h-oidhce tháinic bean isteach a raibh claidheamh agus slegh léithe. Thug an cú léim uirthí agus reath sí amach ar an doras. Mhusgail an fear agus chuir sé air a cheirteach. Chuaidh sé fhad leis an doras agus bhí an bhean ar toiseach agus an cú ina diaidh ag imtheacht as amharc. D’imthigh an fear ina ndiaidh.
    Ní raibh siad le feiceáil aige ar chor ar bith go dtí go dtáinic sé fhad le bruach na fairrge síos ar na h-Acarai; is annsin a chonnaic sé a chú mór ban marbh; í sínte ar an talamh agus an bhean ina luighe marbh ag n-a taoibh. Bhí a fhios aige gurb í an bhean chéadhna a chonnaic sé san aisling a bhí ann.
    Brighid Ní Dhubhgáin, Cró Bheithe, Clochán Liath a scríobh
    Sgéalaidhe: Domhnall Ó Domhnaill, Tullaigh Clochán Liath
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Scéal

    Bhí fear i gCroich-shlíghe am amháin agus sé an t-ainm a bhí air Paddy Anna. Bhíodh dúil mhór aige i n-imirt chárdaí agus oidhche amháin bhí sé ag imirt chárdaí go dtí go raibh sé an dó a chlog ar maidin.

    Bhí fear i gCroich-shlíghe am amháin agus sé an t-ainm a bhí air Paddy Anna. Bhíodh dúil mhór aige i n-imirt chárdaí agus oidhche amháin bhí sé ag imirt chárdaí go dtí go raibh sé an dó a chlog ar maidin. Dia Domhnaigh a bhí ann lá thar na bhárach, agus ar maidin chuaidh sé 'un Aifrinn. Tháinic codhladh air i dteach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Domhnall Ó Domhnaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    75
    Seoladh
    An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall