School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 33
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“I bhfad o shoin nuair nach rabh i nÉirinn acht Tighearnaigh Gaedhelacha uilig; leag an Sasanach amach go nglacfadh sé fhéin seilbh ar chuid talta maithe na hÉireann, agus go ndíbreochadh sé na Tighearnaigh Gaedhlacha.”
(continued from previous page)Thoisigh an troid, agus ba é an deireadh a bhí air gur mharbhuigh an t-Éireannach mac an Ríogh. Sgairt an bhean a bhí san fhuinneóig ar an Éireannach agus d'iarr air a theacht isteach chuicí acht dubhairt seisean léithe go gcaithfeadh sí fanacht go mbeadh sé glan réidh, agus d'imthigh sé 'na bhaile. Chóirigh an Spáinneach é fhéin agus d'imthigh go teach na mná, acht nuair a chuaidh sé isteach dubhairt sise leis narbh'é an fear é a bhí ag troid ar chor ar bith, acht dubhairt seisean nach rabh an dara duine le bheith ann. B'eigean do tabhairt isteach san deireadh.D'imthigh sé 'na bhaile agus d'innis do'n Éireannach caidé mar bhí, ghléas an t-Éireannach é fhéin agus d'imthigh ag tarraingt ar an teach agus chuaidh isteach 'na chaisleáin chuici."Is tusa an fear a rinne an gníomh agus cha mbíonn a'n fhear go deo agam acht tú" ar sise.Pósadh an bheirt aca agus bhí bainis acu a mhair lá agus bliadhain.Eanair 1935Tomas O'Dubhthaigh, Áirdmhín, Clochan Liath, Tírchonaill a d'innis an sgéal seo- Informant
- Tomas Ó Dubhthaigh
- Gender
- Male
- Address
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall