Scoil: Doire Thanaidhe (uimhir rolla 11204)
- Suíomh:
- Doire Sheanaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: M. Ní Amhalaghaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Thanaidhe
- XML Leathanach 072
- XML “Tobar Beannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá tobar beannuighthe ar an chuid toir dé Doire-Leach-Connaill ar a dtugtar tobar na faoileóige. Deirtear gó rabh bean as Barran Ghaoith in-am amhain ag gabhail sior gó Leítir chuig feár an t’snath fa choinne snath. Lá breagh gréine a bhí ann agus bhí téas marbhach ann. bhí gíota fáda aicí lé gabhail agus rinne sí amach ná bróga a bhaint duithe agus iad a thabhairt [leothe]? ina laimh gó mbeadh sí thiar. Shuidh si síos ar an thaoibh shuas de’n bhealach mhór, a’s bhain sé dithe na bróga. Annsin ní rabh a cosa ar an cuid is gláine a’s chonnaic sí an tobar ar an taoibh thiar duithe a’s nigh sí na cosa ann a’s dimthigh sí leithe.
Bhí gó maith a’s ní rabh gó h-olc gó dtí gó dtainig sí aráis agus shonnruigh sí gó rabh an tobar beag seó ar an taoibh éile de’n chloich. Ná dhiaidh sin cualthas tuilleadh eoláis fa dtaoibh dé. Tá an tobar sin uasál gan dabht.
Ar an t’Samhradh anuraidh 1938, thainig dha mhnaoi a’s (albáin) Méarica agus ní rabh fhíos acú a gcuid airgid. Chuir siad súas crós mhór air, comh h-árd líomsa.- Bailitheoir
- Anna Ní Duibheannaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire Leac Chonaill Thuaidh, Co. Dhún na nGall