Scoil: Mullanmore (uimhir rolla 1734)

Suíomh:
An Mullán Mór, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seosamh Ó Coilín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 251

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 251

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mullanmore
  2. XML Leathanach 251
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Sé teach dithe istoigh i gcrann. Nuair a bhí an teach deanta aige chuaidh sí isteach go bhfeicfeadh sí caidé mar thaitneochadh an teach leithe. D'iarr sí ar an t-siúinéir gabhail isteach go dtí go nglanfadh sé cuid de'n adhmad a bhí ag breith ar a guailneacha. Nuair a chuaidh an siúinéir isteach agus chrom sé go nglanfadh sé ant-adhmad. Fuair sí greim ar an tuaigh agus chaith sí an ceann de'n t-siúinéir. Nií rabh duine ar bith ar an domhan le sgéala a dheanamh uirthi. Chaith sí seacht mbliahdna annsin agus ins an chrann í fhéin as an leanbh agus ní rabh ganntanas bidh na dighe uirthi. Lá amháin bhí clann an righ amuigh ag imirt sa pháirc. D'imthigh Fionn amach as an chrann. Thoisigh sé ag caitheamh mic an righ (kings son) fríd an pháirc. D'amharc an righ amach ar an fhuinneog. D'fhiafruigh sé caide an rud an t-óganach a bhí ag tabhairt a leithead de iosbairt dá chlann. Scairt sé ar a chuid arm go gcuirfidh siad 'un bháis é. Nuair a chruinnigh an t-arm rith Fionn agus fuair sé greim dhá chois ar chailleach na gcearc agus d'imthigh sé ar an airm agus Cailleach na gCearc leis agus é ag leimnigh claidheacha agus díoghacha. Nuair a bhí sé ag teacht comhgarach do Loch Dearg d'amharc sé thart, agus ní rabh fágtha acht an dá chois de Chailleach na gCearc. Labhair ceann de chosa chaillighe na gCearc. Dá bhfághaimse mo sháith uisge ní bhéadh fhios caide a dheanfainn go fóill." Chaith sé amach a dhá
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An tArd Donn, Co. Dhún na nGall