Scoil: Mullanmore (uimhir rolla 1734)

Suíomh:
An Mullán Mór, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seosamh Ó Coilín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 240

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 240

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mullanmore
  2. XML Leathanach 240
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear saibhair na chomhnuidhe i gCo. Thír Eoghain fa thuairim céad bliadhain ó shoin. Fear gallda a bhí ann agus bhí clann mhór aige. Bhí ingean amháin aige agus bhí sí go h-an mhaith do na daoine bochta, no lucht siúbain, mar a dearfa, agus bhí an chuid eile don chloinn agus an t-athair anuas go mór uirthí cionnus a bheith ag tabhairt oirid deirce uaithe. Ní thiocfadh léithe annsin oiread a thabhairt is ba mhian léithe acht san am ceadhna ní dhéanadh sé dearmad dóbhtha. Lá amháin thánaig bean bhocht na toighe agus mórán paistí tarnochta léithe agus thug sí braithlín lineadaigh baile dithe. Tamall gearr a na dhiaidh seo fuair sí bás i gcionn a h-ochtadh bliadhain déag agus nuair a tháinig Rí na Gloire le breitheamhnas a thabhairt uirthí. Thánaig an Mhaighdéan Mhúire agus an braithlín léithe a thug sí don bhean bhocht tamall roimh sin agus bhí an braithlín ní ba thruime nó an méid peacaidh a rinne sí ar an t-saoghal seo. Annsin ní thiocfadh leithe gabhail isteach go Pláthéas mar ní rabh sí baistigha ach fuair sí cead theacht arís na t-saoghal seo céann bliadhain agus fiche. Fuair sí amharc ar Aifreann na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Betty Fries
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Anna Nic Diarmada
    Inscne
    Baineann
    Aois
    83
    Seoladh
    Corr na nGriollach, Co. Dhún na nGall