Scoil: Mullanmore (uimhir rolla 1734)

Suíomh:
An Mullán Mór, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seosamh Ó Coilín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 243

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 243

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mullanmore
  2. XML Leathanach 243
  3. XML “Scéal - An Gasúr agus an Sagart”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí gasúr beag ag buachailleacht ar thaobh an bhealaigh mhóír lá amháin. Tháinig an Sagart thart. Chuir sé ceist air an raibh sé abalta é fhéin a choisreachadh. Dubhairt an gasúr nach raibh.
    "Máigh ó tá sin corr," arsa'n Sagart. D'fhoghluim sé annsin do an dóigh le é fhéin a choisreachadh agus chun go mbeadh sé abalta cuimhneamh air dubhairt sé leis a chur i gcás gurab í fhéin an bhó bhán an t-Athair, agus gurab í an bhó dhubh an Mac agus gurab í an bhó dhonn an Spiorad Naomh. "Imthigh leat anois" a dubhairt sé "agus muna mbeidh fhios agat sin amáireach muirbhfidh mé thú." Bhí go maith agus ní raibh go h-olc. Nuair a bhí an gasúr ag cur abhaile an eallaigh sa tráthnóna thoisigh siad ag troid ag an gcafta. Thoisigh an bhó dhubh agus an bhó dhonn ag troid. Chuidigh an bhó bhán leis an bhó dhubh agus chaith siad na h-adharc de'n bhó dhonn. Lá thar na bhárach tháinig an sagart thart arís.
    D'fhiafruigh sé de'n ghasúr an rabh sé abalta é fhéin a choisreachadh indiu. "O a Athair" arsa seisean "bhí an-ghreann annseo inde. Thoisigh an Mac agus an Spiorad Naomh ag troid, ghlac an t-Athair páirt ann. Chuidigh an t-Athair leis an Mhac agus eatortha chaith siad na h-adharca den Spiorad Naomh.
    Pádraig Ó Gallchobhair, Srath Salach, Na Gleanntaí.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Srath Salach, Co. Dhún na nGall