Scoil: Mullanmore (uimhir rolla 1734)

Suíomh:
An Mullán Mór, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seosamh Ó Coilín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 245

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 245

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mullanmore
  2. XML Leathanach 245
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ag cul an trucaill. Thoisigh sé é fhéin ag tarraing an trucaill i na dhiaidh. Nuair a casadh ar an gharda é dubhairt an garda "Caidé'n fath nach bhfuil solas agat." Stad an fear ag tarraing an trucail agus arsa seisean. "Fiafruigh sin do an tiomanaidh" agus thaisbean sé an t-asal ag cul an trucaill. Leag an garda ar shiubhail é.
    Seán Mac Monagaile, An Doirighin, Na Gleanntaí.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí fear ann in am amháin i na chomhnuidhe sa Chamlairgeann. Doiminic Mac Suibhne a bhí mar ainm air. Thuit sé amach le fear sa chomhsanacht. Bhuail sé é. Domhnall Ó Ceallaigh a bhí ar an fhear ar thuit sé amach leis. Fuair Domhnall barrantas air. Bhí sé ar a seachnadh annsin. Luigheadh sé san oidhche istoigh i sgioból Dhomhnaill agus bhéarfadh a inghean a chuid dó. Tháinig sé abhaile do na theach féin oidhche amháin. Chonaiceas é ag teacht agus rinneadh spigheadóireacht air. Chuaidh sé fhéin as a bheirt dhearbhrathar a luighe sa leabaidh amháin. Ní rabh saighdiúir sa tír an oidhche sin nur
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bríghid Ní Gallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    56
    Seoladh
    An tArd Donn, Co. Dhún na nGall