Scoil: Mullanmore (uimhir rolla 1734)

Suíomh:
An Mullán Mór, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seosamh Ó Coilín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 223

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 223

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mullanmore
  2. XML Leathanach 223
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal an Chócaire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    sé iad bhí siad aige aríst. Bhí sé mar sin feadh sé mhí. (?) ánaigh eagla air sa deireadh agus chuaidh sé fhad leis an t-sagart. D'iarr an sagart air ghabhail síos go bruach na farraige agus an t-airgead a chaitheadh amach fhad agus thiocfadh leis. Rinne sé seo agus ní fhaca sé na cúíg sgillinge níos mó.
    Áine Nic Diarmada
    Corr na nGriollach
    Na Gleanntaí
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí bean ann aon uair amháin agus bhí cócaire aicí. Lá amháin dubhairt sí leis an chócaire. "Ros trí phunnta na feola atá istoigh indiu fá choinne an dinnéara." Thoisigh an cócaire da dheanadh sin. Is cosamhail nar choimhead an chócaire a ghnoithe mar leig sí d'on fhéoil doghadh. Annsin ní rabh fhios aicí caidé a bhí le deanamh aicí agus chaith sí an fheoil amach ar an dóras.
    D'imthigh sí agus dubhairt sí leis an mhaighstreas. "D'ith an cat an fheoil" Fuair an maighistreas greim ar an chat agus thomhais sí é, agus caidé an trom a bhí ins an chat acht trí phunnta. "Anois" a deir sí seo an fheoil acht ca bhfuil an cat. Ní rabh dadaidh le radh ag an chócaire annsin mar d'aithnigh an mhaighistreas go rabh sí ag innse bréige duithe.
    Bríghid Ní Bhaoill
    Mullán Mór, Na Gleanntaí.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bríghid Ní Bhaoighill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    54
    Seoladh
    An Mullán Mór, Co. Dhún na nGall