Scoil: Mullanmore (uimhir rolla 1734)

Suíomh:
An Mullán Mór, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seosamh Ó Coilín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 250

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 250

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mullanmore
  2. XML Leathanach 250
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí athair Fhinn Mhic Chumhail faoi gheasa. Thiocfadh é a chur 'un bháis. D'imthigh siad agus thug siad leobhtha inghean an rí, an bhean a ba doigheamhla in éirinn. D'fhág siad amuigh ag na farragáin (residence) í. Nuair a tháinig athair Fhion ann thuit sé i ngrádh léithe. Dubhairt sé léithe go mbairfidhe eiseoin anois ag dá mbéadh mac aicí aire maith a thabhairt do, agus dá mbéadh inghean aicí cead a réir a dhéanamh léithe. D'imthigh inghean an rígh agus rinne sí margadh le Cailleach na gcearc.
    Dá bhfagadh sí mach go dtabhairfadh cailleach na gcat léithe é agus go dtógfadh sí é.
    Bhí cúpla ann, giorsach agus gasúr. Rugadh an ghiorsach an chead uair. Agus thóg na mná a n-intinn díthe. Tháinig an mac 'un t-saoggaidh (saoghail?) annsin. Chuir sí an dara páisde i mbasgad agus d'fhág sí suas ag Cailleach na gCearc é.
    D'imthigh Cailleach na gCearc agus rinne sí margadh le suineir teach folaigh a dhéanamh dithe fhéin agus don leanbh. D'imthigh an siuineir agus rinne
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An tArd Donn, Co. Dhún na nGall