Scoil: An Tulach Mór (uimhir rolla 6293)
- Suíomh:
- Tully More, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Bhrisleáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach Mór
- XML Leathanach 93
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)amhuigh annsin agus dhá bhfuigeadh sí uisge as an tobar sin agus í a chuimilth ar a bheal agus a cluasa bheadh biseach uirthí”. D’imthigh na cait abhaile indhiaidh sin.
Bhí Murachadha Beag ag eisteach agus chuala sé an sgéal uilig agus d’éirigh sé ar maidín agus gheárr sé an rópa agus chuaidh sé fhad leis an Righ. D’innis sé d’on Righ go mbheadh sé ábalta a nighean a leasúghadh agus dubhairt an Rí go dtabharfadh sé a nighean dó lé posadh da leasfad sé í.
D’imthigh Murachadha Beag amach agus fuiar sé buideal dén uisge. Thug sé dón nighean an Riogh é agus chuimilt sé é ar a chluasa agus a bheal agus thainig biseach uirthí. Bhí an áthas ortha uilig agus posadh iad agus cuireadh coroin óir ar Murachadha Beag. Bhí bainneas mór acu a mhair seacht h-oidhche agus seacht la agus b’fheárr an oidhche deireannach ná an chéad oidhche.
Lá amháin indhiaidh seo bhí Murachadha Beag agus a bhdean amuigh san coiste agus bhí capaill deasa san coiste acu. Cé casadh ortha acht Murachadha Mór agus é uilig salach strocach agus iongantas an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Mheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Anna Ní Ghuibhir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Leargain Bhreac, Co. Dhún na nGall