Scoil: An Tulach Mór (uimhir rolla 6293)
- Suíomh:
- Tully More, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Bhrisleáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- D’innis Róise Bean Uí Cianaigh as Tulach Bheag iad seo do Sorcha Níc Niallghuis. Bhí Róise seal bliantach i Sraith Uachtar, Paróiste na Gleanntai, Co. Dúin na nGall agus ba ins an áit sin a chuala sí na ranna seo - o sean fhear.Bhí mé i dteach sean dhuine ag bean uasal ag baint féir
Bhris mé crann na spéile
O ba náire an sgeal
Bhí giota beag le baint agam
Ní mór nach chuir sé i dtolamh mé
Bhfearr liom é a bheith bainte agam
Na an páige uilig go léirBhí mé la amháin ag dul ar ród
Casadh fear beag agus fear mór orm
Chuir mé an fear beag in mo phóca
Agus sgaoil mé an fear mór leis na cailíníBhí buachaill ag dul go dtí an tEasbóg uair amháin agus bhí eagla air roimhe. Nuair a chonnaic sé é ag teacht sgairt sé amach a “Mhamaí”, “Mamaí” “sin anois é” “sin anois é”.
“Whist”! “whist”! “Ceannochaidh mise bata roc duit”. “Bhál ceannuigh anois é agus ni bhéidh eagla orm”- Bailitheoir
- Sorcha Nic Niallghuis
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Róise Bean Uí Cianaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall