Scoil: An Tulach Mór (uimhir rolla 6293)
- Suíomh:
- Tully More, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Bhrisleáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach Mór
- XML Leathanach 65
- XML “Seanscéaltaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéaltaí
“Bhi Fianna Éireann lá amháin ag sceilg ar sleibhte na nGleannta.”
Dhinny Anna Ní Ghuibhir an sgeal seo domh. Rughadh as togadh í i Largabreach. Chuala Ánna an sgeal o ah athair Brian Mac Guibhir (60 bliadhain.) Largabreach (Feirmeóir). Chaith seisean a shaoghal i Largabreach. Chuala seisean an sgeal ó a mhathair - ní rabh bearla air bith aici.Bhí Fianna Eireann lá amháin ag seilg ar sleibhte na nGleannta. Thainig ceo mór ortha agus chuaidh siad ar seachran. Shuidh siad síos a dheanamh a sgríste agus thainig fear dubh dorcha ionsortha fríd a ceo agus bhí baisceid de ubhallaibh glasa leis ar bhacan a láimhe. Thug sé ceann aca do Goll Mac Morna agus dubhairt Goll gurbh sin an t-ubhall a bhfeárr a dith se ariamh agus thug sé ceann aca thart d’on eile fhear de na Fiannaibh. Annsin dubhairt an fear dubh dorcha dá dtéigheadh siad leis ar feagh lá agus bliadhain go bhfuigeadh siad neart de na h-ublaí sin. Dubhairt Goll Mac Morna go racadh agus siubhal siad leobhtha. Níor mhothuigh siad gorabh siad istigh thall i gcuairt na Beilge agus iad le marbhughadh ag Fianna na Beilge.
Bhí fear i nEireann darbh ainm Finn Mac Cumhail agus bhí fios ag Finn Mac Cumhail agus nuair nac rabh na Fianna ag teacht chnag sé ordóg i na bheal agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Bean Uí Bhreisleáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Anna Ní Ghuibhir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Leargain Bhreac, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brian Mac Guibhir
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Leargain Bhreac, Co. Dhún na nGall