Scoil: An Tulach Mór (uimhir rolla 6293)
- Suíomh:
- Tully More, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Bhrisleáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach Mór
- XML Leathanach 91
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí beirt fhear ann uair amháin agus siad an t-ainmneacha a bhí ortha Murachadha Beag agus Murachadha Mór. Bhí sugha craoibh curtha ag Murachadha Mór agus ní rabh sugha craoibh ar bith curtha ag Murachadha Beag.
Oidhche amháin dubhairt Musachadha Beag leis féin go rachadh sé amach agus go n-íosadh sé sugha chraoibh Mhurachadha Mhóir. An oidhche sin chuaidh sé amach go dtí an gardín agus thug sé mala leis agus dith sé cuid dén sugha craoibh agus an méid nach rabh sé abhalta ithe chuir sé isteach sa mhala é.
Nuair a d’éirigh Murachadha Mór ins an mhaidín chuaidh sé amach go dtí an gairdín agus ní bhfacha sé sugha craoibh ar bith, agus dubhairt sé “Fan go bhfuigidh mise greim ar Mhurachada Bheag.
Chuaidh sé amach agus fuair sé ropaí agus cheangail sé dhá láimh Mhurachadha Bheag ar gcúl a chinn agus cheangail sé a dhá chois agus chuir sé isteach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Mheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Anna Ní Ghuibhir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Leargain Bhreac, Co. Dhún na nGall