Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)

Suíomh:
Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire Nic Ceannfhaola
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 214

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 214

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lougheraherk
  2. XML Leathanach 214
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Chuaidh Murchadh Beag agus Murchadh Mór amach lá amháin ag bhainnt sughcraobh. An méid a bhain Murchadh Mór thug sé do Mhurchadh Beag iad le cur i dteaisgidh.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    fhliuchfadh cloch, cloch a líomhfadh tuagh, tuagh a bhainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar, géar, mar d’ith sé mo chuid sughcraobh aréir”
    Ní rachaidh mise leat, arsa’n fradh, go bhfuig tú gadhar a ruaigfear mé.
    Chuaidh sé fá choinne an ghadhair annsin.
    “Cá bhfuil tú ag dul?” arsa’n gadar.
    “Gadhar a ruaigfeadh fiadh, fiadh a shnámhfadh uisce, uisce a fhliuchfadh cloch, cloch a líomfadh tuagh, tuagh a bhainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murcádh Beag go géar, géar, mar d’ith sé mo cuid sughcraobh aréir”.
    Ní rachaidh mise leat, arsa’n gadhar, go bhfághaidh tú im a chuimleóchas mé do mo chuid cósa.
    Chuaidh sé fá dhéin an ime annsin.
    “Cá bhfuil tú ag dul? arsa’ t-im.
    “Im do chosa, gadhar, gadhar a ruaigfeadh fiadh, fiadh a shnámhfadh uisce, uisce a fhliuchfadh cloch, cloch a líomfadh tuagh, tuagh a bhainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT2030: The Old Woman and her Pig
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Ceannfhaola
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Pádraig Mac g Ceannfhaele
    Inscne
    Fireann
    Aois
    69
    Seoladh
    Cill Fhathnaid, Co. Dhún na nGall