School: Lougheraherk (roll number 12118)
- Location:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Ceannfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lougheraherk
- XML Page 214
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Chuaidh Murchadh Beag agus Murchadh Mór amach lá amháin ag bhainnt sughcraobh. An méid a bhain Murchadh Mór thug sé do Mhurchadh Beag iad le cur i dteaisgidh.”
(continued from previous page)fhliuchfadh cloch, cloch a líomhfadh tuagh, tuagh a bhainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar, géar, mar d’ith sé mo chuid sughcraobh aréir”
Ní rachaidh mise leat, arsa’n fradh, go bhfuig tú gadhar a ruaigfear mé.
Chuaidh sé fá choinne an ghadhair annsin.
“Cá bhfuil tú ag dul?” arsa’n gadar.
“Gadhar a ruaigfeadh fiadh, fiadh a shnámhfadh uisce, uisce a fhliuchfadh cloch, cloch a líomfadh tuagh, tuagh a bhainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murcádh Beag go géar, géar, mar d’ith sé mo cuid sughcraobh aréir”.
Ní rachaidh mise leat, arsa’n gadhar, go bhfághaidh tú im a chuimleóchas mé do mo chuid cósa.
Chuaidh sé fá dhéin an ime annsin.
“Cá bhfuil tú ag dul? arsa’ t-im.
“Im do chosa, gadhar, gadhar a ruaigfeadh fiadh, fiadh a shnámhfadh uisce, uisce a fhliuchfadh cloch, cloch a líomfadh tuagh, tuagh a bhainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Ceannfhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Pádraig Mac g Ceannfhaele
- Gender
- Male
- Age
- 69
- Address
- Cill Fhathnaid, Co. Donegal