Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)

Suíomh:
Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire Nic Ceannfhaola
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 194

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 194

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lougheraherk
  2. XML Leathanach 194
  3. XML “Mór Uaisle na Tíre agus Baoghalaigh an Mhachaire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    do’n pháirc a dtiocfadh leis an capall a chur isteach ann. Dubhairt sí go rabh. D’iarr sé uirthí a dhul leis agus an stábla a thaisbeáint do. Chuaidh. Nuair a chuir sé an capall sa stábla, d’imthigh sé síos ‘na páirce agus d’imthigh an cailín léithe fá na gnoithe fhéin. Nuair a bhí an lá mór thart chuaidh sé go dtí an stábla go bhfuair sé an capall. Nuair a bhí sé ag druid dorais an stábla labhair an guth ar a chúl. Thionntuigh sé thart. Cé bhí ann ach an cailín. D’fhiafruigh sí do caidé mar thaitnigh an lá leis. Dubhairt sé go rabh an lá ar fheabhas. Annsin rinne sí é a comoradh fhad leis an fhairrge. Sheas siad tamall annsin ag cainnt agus ag comhrádh. Dubhairt seisean go rabh sé i n-am aige bheith ag breith as. Chuaidh sé de léim ar dhruim an bheithidhigh, léim an beathadhach amach san fhairrge agus d’imthigh leo ag tarraingt ar an bhaile. Ní a shroic sé an baile, ní rabh an bheirt eile a d’fhág sé in a dhiaidh sa bhaile, ní rabh sin sa tigh. Chuir sé an beathadhach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Ceannfhaola
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Ua Breisleáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    An Srath Buí, Co. Dhún na nGall