School: Lougheraherk (roll number 12118)
- Location:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Ceannfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)do’n pháirc a dtiocfadh leis an capall a chur isteach ann. Dubhairt sí go rabh. D’iarr sé uirthí a dhul leis agus an stábla a thaisbeáint do. Chuaidh. Nuair a chuir sé an capall sa stábla, d’imthigh sé síos ‘na páirce agus d’imthigh an cailín léithe fá na gnoithe fhéin. Nuair a bhí an lá mór thart chuaidh sé go dtí an stábla go bhfuair sé an capall. Nuair a bhí sé ag druid dorais an stábla labhair an guth ar a chúl. Thionntuigh sé thart. Cé bhí ann ach an cailín. D’fhiafruigh sí do caidé mar thaitnigh an lá leis. Dubhairt sé go rabh an lá ar fheabhas. Annsin rinne sí é a comoradh fhad leis an fhairrge. Sheas siad tamall annsin ag cainnt agus ag comhrádh. Dubhairt seisean go rabh sé i n-am aige bheith ag breith as. Chuaidh sé de léim ar dhruim an bheithidhigh, léim an beathadhach amach san fhairrge agus d’imthigh leo ag tarraingt ar an bhaile. Ní a shroic sé an baile, ní rabh an bheirt eile a d’fhág sé in a dhiaidh sa bhaile, ní rabh sin sa tigh. Chuir sé an beathadhach(continues on next page)
- Collector
- Máire Nic Ceannfhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ua Breisleáin
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- An Srath Buí, Co. Donegal