Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)
- Suíomh:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Ceannfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fhichead punta air. Bhí an capall seo an-chríonna. Lá áirighthe, bhí lá spóirt le bheith i bPoinnte Luachrais agus thug sé amach an beathadhach as an stábla agus chuir an diallaid air. Léim sé ar dhruim an bheithidigh agus d’imthigh leo cos i n-áirde ag tarraingt ar an Phoinnte. Nuair a tháinig siad fhad leis an chuan stad siad. D’amharc an beathadhach trasna na fairrge agus leig sé osna as. Thug sé léim amháin isteach san fhairrge agus d’imthigh ar an t-snámh. Snámh an beathadhach leis go dtáinig sé isteach ar an talamh thirin ar an taobh thall de’n chuan. Nuair a tháinig siad i dtír, léim an buachaill anuas de dhruim an bheithidhigh agus shín leo ag tarraingt ar pháirc na h-imeartha ar a bhealach ‘un na páirce casadh cailín óg air a bhí an-chumtha. Chuir sé ceileabhar uirthi agus d’fiafruigh sé díthe cé í fhéin? D’innis sí do gurab í inghean an mhinistir a bhí inntí agus go rabh sí ag dul go toigh na comharsan fá choinne bainne. D’fhiafruigh sé díthe an rabh áit ar bith neas(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Nic Ceannfhaola
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ua Breisleáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- An Srath Buí, Co. Dhún na nGall