Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)
- Suíomh:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Ceannfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lougheraherk
- XML Leathanach 135
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí sin ann agus is fad ó bhí. Bhí lánamhain ann uair amháin agus bhí siad ar an ghann chuid. Bhí an stoc uilig díolta aca go dtí sean chapall amháin.”
(ar lean ón leathanach roimhe)lámha leis.
“Caidé bheithfea a dh’iarraidh ar an gheirrfiadh sin”, ar seisean.
“Céad punt”, arsa Dorbaigh.
Thug sé an t-airgead dó agus d’imthigh sé ‘na bhaile agus an geirrfiadh leis.
“Anois” ar seisean, le na mhnaoi, “nuair a bhéas mo dhinneár réidh níl agat ach an geirrdfiadh seo a sgaoileadh agus rachadh sé fhad liom-sa sa chuibhreann an áit a bhéas mé ag obair”.
“Maith go leór”, ar sise, agus nuair a bhí an dinneár réidh sgaoil sí an geirrfiadh agus d’imthigh sé amach ar an doras. Ach bhí an fear ag fanacht agus ag fanacht, agus dá mbéadh sé ag fanacht go dtí’n lá indiu ní thiocfadh an geirrfiadh a chomhair. Béidh mise ion-churtha le Dorbaigh a iarraidh seo agus ní glacfaidh mé níos mo dá chuid an adaigh.
D’imthigh leis ag tarraingt ar thoigh Dhorbaigh ach fuair seisean leide go rabh sé le theacht agus fuair sé mála mór putóg agus cheangail sé ar bholg Mháire iad.
“Anois” ar seisean le Máire, “ní iarrfaidh mise dadaidh air ach damhsa amhain a dheánamh leat-sa sul a gcrochfaidh sé mé. Thig lear-sa a dhul amach i lár an urláir agus rachaidh mise ar chathaoir. Bhéarfaidh mé amach sgian bheag agus geárrfaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Ceannfhaola
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Nic g Ceannfhaele
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 88
- Seoladh
- Cill Fhathnaid, Co. Dhún na nGall