School: Mucros (roll number 5364)
- Location:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Aodh Ua hEigeartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mucros
- XML Page 309
- XML “Cluichí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)céad duine agus leigeann sé air go bfuil sé ag tabhairt an cnaipe dó, téidheann sé fhad le gach duine eile mar rinne sé leis an céad duine go dtí go mbíonn sé ag deireadh an líne. Annsin fiafruigheann sé do dhuine éigin cé h-aige a bhfuil an cnaipe. Muna dtomhaiseann sé i gceart é cuirtear stríoc súithche ar a aghaid mar phionós. Caithfidh an duine sin tomhas annsin agus gheobhaidh seisean stríoc san aghaidh fosta muna dtomhaiseann sé i gceart. Má thomhaiseann an céad duine i gceart bheirtear an cnaipe dó le na chur thart, agus suidheann an duine eile na áit. Leantar de’n cluiche seo comh fada agus is mian leo.
Sa teach. – Dallóg.
Réidhtightear thart an teach agus geibhtear sean bearad nó sean éadach. Beirtear an dallóg ar an t-éadach seo. Cuireann duine amhain an dallóg go teann thart ar a cheann agus ar a shúile san dóigh nach bhfeiceann sé aon rud agus cuireann sé snaidhm air ar chúl a chinn.
Spréidheann sé amach a dhá láimh agus téidheann sé fríd an teach ag iarraidh greim a fhághail ar duine eighinteacht. Ma gheibh sé greim ar dhuine ar bith caithfidh sé innse cé an duine sin.
Ma innsigheann sé a ainm i gceart baineann sé de an dallóg agus cuireann sé ar, an duine sin é.
Muna n-innshigheann sé a ainm ceart caithfidh sé an dallóg a choingbheailt air agus an duine a leigint. ar(continues on next page)- Informant
- Seán Mac Aodha
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 57
- Address
- Mucros, Co. Dhún na nGall