School: Mucros (roll number 5364)

Location:
Mucros, Co. Donegal
Teacher:
Aodh Ua hEigeartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 229

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 229

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mucros
  2. XML Page 229
  3. XML “Scéalta fá Áiteacha sa Cheantar”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (A) Malaidh na Bruighne.
    Ar an taoibh shoir-dheas de Thráigh LobhAir i Mucros i bParróiste Cille Chartha tá malaidh le feicéailt ag árdughadh féin aníos ó’n chladach. Tá fánaidh maith rithte leis an mhalaidh seo ar thaoibh na trágha de ach níl an fánaidh baoghal ar comh rithte ar thaoibh an bhaile de. Bhíodh sluagh sidhe in a gcomhnaidhe ins an mhalaidh seo fad ó shoin agus bhí rí ortha dar b’ainm Cnapastúm. Is iomda sin troid agus bruighean a bhíodh ag sídheogaí Mhucrois le slóighthe sidhe eile. Throideadh siad le sidheógaí Gleanna Bholcám a bhí ‘na gcomhnuidhe i nGleann Bholcám : gleann fiadham atá i n-uachtar Gleann a’ Bhaile Dhuibh. Bolcan an rí a bhí ar shluagh sidhe Gleanna Bolcám. Throideadh siad fosta le sídheoghaí Chonnachta agus de réir cogamhlachta throidtidhe ‘ac darna cath ‘sa’ bhaile agus ach darna cath ar an choigcrich .i. ar talamh a náimhdé. Thall i gConnacht a marbhadh Cnapastúm, nuair bhí sé ar thoiseach a shloigh i dtroid a bhí eatorra féin agus sluagh sidhe Chonnachta. Troideadh an cath seo ar Bheann Bulbáin idir Mullach Mór agus Sligeach.
    An tobar a bhfuil iomrád air ins an scéal céadna tá sé le feicéailt go fóill ar thaoibh na trágha de Mhalaidh na Bruighne. Tobar Chnapastuin a beirtear air go dtímh lá indiu. Tá neart scéaltach ins an cheanntar seo go fóill fa Chnapastún Mhucrois agus a shluagh sidhe. Seo in ar ndiaidh cuid aca a scríobhadh síos mar d’innis seandaoine an cheanntair iad.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Mucros, Co. Donegal