School: Mucros (roll number 5364)
- Location:
- Mucros, Co. Donegal
- Teacher: Aodh Ua hEigeartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mucros
- XML Page 294
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ainmhidhthe na Feirme.
Tá ba, capall, agus asal againn.
An ‘Maoilín Gorm’ an ‘bhó bhreac’ agus an ‘bó bhuidhe’na h-ainmeacha atá ortha. Nuair atá fear ag iarraidh na ba a stapadh déireann sé ‘Diorrs’ no ‘Téit’. ‘Sugaí’ a bheirtear ar na gamhnaibh. Agus amanna bheirtear ainm peaca ortha mar ‘Dot’ agus ‘Jane’, bóitheach a bheir muid ar teach na mbó.
Is iomdha cineál casair a chuirtear faoi na buaibh. Cuirtear feár i n-amanna agus feaga, agus cothan fútha. An ‘buarach’ nó an ‘bórach’ a bheirtear ar an rópa a gceangaltar na ba leis. Istoigh ins an bhalla ag ceann an bhó tá crann líomhtha. Ins an crann líomhtha tá súl beag, agus tá an buarach istoigh ins an t-súl, agus cuirtear an rópa sin thart ar a muineál agus chuirtear dá snaidhm air.
San bhaile a gnidhthear an cuid is mo de na cheangail.
Crochtar bratóg bríghde ins an bhoithigh le gach tinneas agus ní rabh a choingbheailt ar siubhal ó na beithidhig Cuirtear chrosanna ann fosta agus uisge coisreactha. Fadó shoin gníodh na mná corrbhaidh ar ba le droch súil.(continues on next page)- Informant
- Liam Ua hEigheartaigh
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Goirt Sháile, Co. Donegal