School: Mucros (roll number 5364)

Location:
Mucros, Co. Donegal
Teacher:
Aodh Ua hEigeartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 328

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 328

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mucros
  2. XML Page 328
  3. XML “Féilí na Bliana - Oíche Fhéile Eoin”
  4. XML “Féilí na Bliana - Lá na Bealtaine”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is é an nós atá ag na daoine oidhche Fhéil' Eoin teine a chur amach gach bliadhain. Nuair a théighimid abhaile ó'n scoil an tráthnóna sin túsuigheann ag cruinniughadh féir agus sean cócáin agus cipíní agus raithneach agus gach rud a dtig linn greim a fhághail air. Nuair a thigheann 10 a chlog nó mar sin cuireann muid amach an teinidh i n-áit eighinteacht. Bheir muid amach aibhleóg agus braon beag ola agus lasann muid an teinidh. Éirigheann na bladhairí suas go h-árd leis an spéir annsin. Nuair a bhíos an bladhairí ag gabhail síos cuireann muid tuilleadh adhbhair teineadh isteach ins an teinidh. Nuair a bhíos an teinidh lásta againn imireann muid thart fán teine. Nuair a bhíos ár sáith imirthe againn téigheann muid abhaile agus cuireann muid amach an teine. Sin an nós atá aca Oidhche Fhéil’ Eoin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Feast of St John (~208)
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Ní
    Relation
    Unknown
    Gender
    Female
    Age
    46
    Address
    Cill Charthaigh, Co. Donegal
  2. Is é an nós atá ag na daoine lá Bhealtaine gráinín de lusta bhuidhe Bealtaine a chaitheamh ag gach doras agus fuinneóg atá ar an teach. San tráthnóna téigheann na daoine amach ag cruinniughadh lusta bhuidhe Bealtaine. Nuair a thigheann siad abhaile caitheann siad gráinín ag gach doras agus fuinneóg atá ar an teach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.