School: Mucros (roll number 5364)

Location:
Mucros, Co. Donegal
Teacher:
Aodh Ua hEigeartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 295

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 295

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mucros
  2. XML Page 295
  3. XML “Ainmhithe na Feirme”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí bean ina comhnuidhe i mbaile airithe am amhain, agus bhí draoidheacht aicí. Bhí cumhacht aicí í féin a athrughadh isteach ona gearr fhiadh ina rachaidh isteach go gach boitheach san bhaile, agus nuair a rachadh muinntir na dtighthibh a’ mblíghe na mbó ní bhfuigeadh siad deor bainne. Bhí seo ag dul ‘un tosuigh ar feadh fada go leór. Sa deireadh d’innis an sean cailleach a rún do páiste a mic.
    Lá amhain d’athruig an sean cailleach í féin isteach ina gearrfiadh. D’imthigh sí síos go h-áit a rabh fear ag buachailleacht ba. Nuair a tháinig sí fhad leis an fhear thug sé buille de shlait dithí agus sgairt an páiste amach “a mháthair mhóir tá tú ag díol go daor ar son do cuid diabhlaidheachta anois”. Indhiaidh sin fuartah amach cáidé bhí ag teacht ar an bhainne.
    Lonnus nach gcaillfeadh bhó a cuid bainne ba ceart a umha a níghe le na cleimirt fhéin. Le bó a dheánamh furust a bhlíghe indhiaidh gamhain a bheith aicí ba cheart a umha a níghe le gruth- buidhe.
    Deirtear nach ceart bó a bhlighe ar an urlár nó má gnidhthear sin caillfidh an bó a cuid bainne uilig. ní bhíonn morán dóigh ar teach nach mbíonn capall ann. Ní maith leis na seandhaoine roimhe seo daoine eile béith ag amharc ar a bheithidhigh. Comhnuidheann an capall san stábla, áit nach mbíonn aon rud ann ach é fhéin. Tá mainseár ins an stábla, agus astoigh annsin a cuirtear an féar do’n capall. Itheann an capall féar agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. animal husbandry (~2,587)
    Language
    Irish
    Informant
    Liam Ua hEigheartaigh
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Goirt Sháile, Co. Donegal