School: Mucros (roll number 5364)
- Location:
- Mucros, Co. Donegal
- Teacher: Aodh Ua hEigeartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mucros
- XML Page 296
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)coirce agus ólann sé uisge. Bheirtear an capall go dtí an ceardcha agus cuireann an gabha croidhtheacha air. Is mór an obair capall óg a ceannsú, cuirtear an adhastar air ar dtús agus tiomáintear thart ar feadh cupla lá é agus an adhastar air. Annsin cuirtear na dallogaí agus an súgan bráighidh air.
Nuair a éirigheann sé cleachtuighthe diobhtha sin cuirtear an cosnadóir agus an cearrt air.
‘Thuirs’ a deirtear leis an mhuc.
‘Faot’ a deirtear leis na lachain.
‘Duíc’ a deirtear leis na cearca.
‘Suc’ a deirtear leis na gamhna.
Cuirtear súithche mar mharc ar na h-uibheacha goir.- Informant
- Liam Ua hEigheartaigh
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Goirt Sháile, Co. Donegal