School: Mucros (roll number 5364)
- Location:
- Mucros, Co. Donegal
- Teacher: Aodh Ua hEigeartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mucros
- XML Page 308
- XML “Cluichí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cé mhéad adharc atá na seasamh.
Diúicí Deoicí:
Beirt a imrigheas an cluiche seo fosta. Gheibhtear bioran agus bheireann duine acu leis é. Chuireann sé a dhá láimh ar cúl a dhroma agus chóirigheann sé an bioran i lámh amhain san dóigh nach mbéidh fhios ag an duine eile cé’n láimh ina bhfuil sé. Bheireann sé a dhá dhorn ‘un tosaigh agus déireann an duine eile an rámas seo, focal do gach dorn.
Diuicí Deoicí,
Heady pin,
Let me lose, or let me win,
Here’s the hand, the pin lies down dead in.
Fosclann an duine an lámh ar a dtuiteann an focal ‘in’, agus ma tá an bioran sa lámh sin bheireann sé do’n duine eile é leis an cluice a leanstan. Muna bhfuil an bioran san láimh sin, coingbhigheann sé é agus déireann an dara duine an rámús arís.
Cnaipe.
Thig leis an oiread daoine is mian leo an cluiche seo a imirt. Suidhtear thart i líne agus gheibheann duine amhain cnaipe. Coingbhigheann gach duine a cuid lámh le chéile agus iad sínte amach. Seasann an duine eile a bhfuil an cnaipe aige, agus coingbhigheann sé a chuid láimh sínte amach mar an cuid eile ach amhain mar an cuid eile ach amhain go mbíonn an cnaipe idir a lámhaibh aige. Téidheann sé fhad leis an(continues on next page)- Informant
- Seán Mac Aodha
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 57
- Address
- Mucros, Co. Donegal