School: Mucros (roll number 5364)
- Location:
- Mucros, Co. Donegal
- Teacher: Aodh Ua hEigeartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mucros
- XML Page 310
- XML “Cluichí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)shiubhail. Ach caithfidh sé béith fríd an teach agus an dallóg air go bhfuighidh sé greim ar duine eighinteacht.
Stáisúin.
Suidheann na daoine ar cathaoireachaibh díobh fhéin giota maith ar shiubhal ó chéile. Gheibheann duine amhain peannluaidh agus paipéir agus sgríobhann sé síos oiread bailte agus tá de daoine ag imirt. Annsin téidheann sé ó dhuine go duine ag tabhairt ainm baile do gach duine le cuimhna a choingbheailt air. Gheibheann duine amhain dallóg agus cuireann sé air é. agus seasann sé i lár an urláir. Suidheann an duine a bhfuil an páipeár aige, ar suidheachan do féin fosta. Sgairteann sé amach dhá ainm baile agus cuireann na daoine ag a bhfuil na h-ainmneacha sin suas a gcuid lámh. Caithfidh na daoine malairt áiteach a dheánamh. Nuair atá siad ar a mbealach ó áit go h-áit mar seo gnídheann an duine a bhfuil an dallóg air iarraidh le greim a fhághail ar dhuine de na daoine sin. Ma gheibh sé greim ar dhuine ar bith acu cuireann sé an dallóg air, ach muna bhfághann caithfidh sé an dallóg a choingbheailt air go bhfuighidh sé duine eighinteacht. Nuair atá gach duine socruighthe ina áit sgairtear amach dhá ainm eile agus gnídhthear an rud céadna arís.
Leantar de’n cluiche seo go n-éirighthear tuirseach dá imirt.- Informant
- Seán Mac Aodha
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 57
- Address
- Mucros, Co. Donegal