School: Sealbhuidhe (roll number 16045)
- Location:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Pádraig M. Mac Seághain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sealbhuidhe
- XML Page 134
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Tá gleann sa pharoiste seo ar a dtugtar gleann a bhaile Dhuibh agus i lár na gleanna sin tá baile beag air a dtugtar Baile Mac Fháidín.”
(continued from previous page)cuidiú liomsa i mbárach. Tá troid már le bheith shiar i dTrath-lár idir an taobh o bheas agus an taobh ó thuaidh. Beidh na saighdiúirí a bhéas linn chruinn fan teach seo roimh uair a cluig.
Goidhe mar gheobhas muid annsin fhad leis an troid arsa Paidín. Gheobhadh tú capall a bheanfas annsin thú chomh mhaith le duine ars an fear eile.
Le sin tháinig an tarm fán teach agus i bhfaiteadh do shíul bhiadas uilig i dtrath, lár reidh le troid agus claidheamh le gach fear aca acht Paidín, agus barra iarainn slat ar faid a bhí leisean. D’oibreadh draoibheacht ar an dá ainm seo tamall roimhe sin acht ní raibh draoibheacht ar bith ar an tiarann a bhí le Paidín agus mar sin de bhí an bhuaidh leis.
Níor mhair an troid acht deich mbomaite agus nuair a bhí sé thart labhair an seanduine agus dubhairt “Bhiomar faoi geasa fhada go léor a Paidín acht támuid uilig saor anois, agus is tusa a shaothruigh sinn. Níor mhothuigh Paidín go raibh sé féin agus an seanduine a bhí leis arais sa caisleán i mbun An Phobail agus seachtmhain na dhiaidh sin fuair an t-seanbhean agus a mac bás agus do cuireadh iad.
Is beag a shíl Paidín gur i mbun An Phobail a phosfaidh é agus bhí sin aige. Baineis a mháir seachtmhaine agus thug gach duine dá rabh ag an bhaineis bronntanas do Phaidín agus a bhean.- Collector
- Seághan Iosep Mac Seághain
- Gender
- Male
- Age
- 12
- Address
- Caiseal Charna, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Proinsias O Coilín
- Gender
- Male
- Address
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall