Scoil: Cúl na Sméar, Dúngarbhán (uimhir rolla 4134)

Suíomh:
Cúil na Sméar Íochtarach, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Mhathúna

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Scéal Grinn

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0646, Leathanach 305

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Scéal Grinn

Bhí Gobán Saor ann fadó agus bhí sé ag dul cun tighe a dhéanamh don Rí.

Bhí Gobán Saor ann fadó agus bhí sé ag dul cun tighe a dhéanamh don Rí. Dubhairt an rí leis féin nuair a bheadh sé thuas ar an dtig go dtógadh sé an adhmaid a bhíodh fé agus annsan tuiteadh an Gobán Saor anuas. Annsan ní bheadh sé ábalta aon tig eile a dhéanamh comh deas le tigh an Rí.
Bhí fhios ag an Gobán Saor ar an rud sin. Dubhairt sé go raibh rud éigin ó a bhean agus do chuaidh an Rí chun é dfhághail. An fhaid is a bhí sé imthighthe tháinigh an Gobán Saor anuas. Dúbhairt an bhean leis an Rí a cheann do chuir isteach san mbosca mór a bhí sa tig. Do chuir sé. Annsan dhún sí an clúdach. Dhein an Rí geallúint ná dhéanfadh sé aon rud don Gobán Saor.

Bailitheoir
Pádraig Ó Dúnfúrtaigh
Inscne
fireann
Faisnéiseoir
Domhnall Ó Dúnfhúrtaigh
Gaol
ní fios
Inscne
fireann
Aois
63
Gairm bheatha
feirmeoir
Seoladh
Cnoc an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge
Teanga
Gaeilge