Scoil: Gleann Calraighe (uimhir rolla 15864)
- Suíomh:
- Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Nóra Ní Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Calraighe
- XML Leathanach 76
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An t-am is mó d'én bhliadhain a phósainn na daoine thart annseo iseadh ag an Nodlag agus roimh Máírt na h-Inidhe mar sin é an lá deanach a bhíonns ag aoinne chun pósta adéanamh roimh an gCarghaos. Leagann cuid de na daoine an phosadh go dí an nóimead deireannach agus annsin caithfhidh siad dul go dtí Oileán na Seilge mar sin é an áit deirneach a thagann an oidhche. Ní'l cead ag aoinne phosadh a déanamh i rith an gCarghaos. Níl morán nósanna ná pisreóga thart annseo acht cúpla cinn. Deirtear má gheobhfain (?) an bhean a bhíonn 'ghá phosadh éadaige cailín eile go mbéad sonnas uirthi. Deirtear freisin má gheobhfaidh duine eile píosa d'én cáca bainis agus a chuireadh fá na cheann nuair a bheadh tú id' codladh go méad brionlóid aca ar an fear no bhean a phósfaidh thú. Deireann na sean-daoine nach ceart dul ar an Aifreann an céad Domhnach ina-diaidh a phóeann siad.Nuair a bhíonns fear ag iarraidh cailín do phosadh bíonn buidéal uisge beatha aige agus bíonn trí no ceathair ins an cleamhnais(leanann ar an chéad leathanach eile)