Scoil: Gleann Calraighe (uimhir rolla 15864)

Suíomh:
Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Nóra Ní Riagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 121

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 121

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Calraighe
  2. XML Leathanach 121
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”
  4. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    cnocán. Céard a rinne an leipreachán nuair a bhí an gasúr imthíghe acht ribín dearg a chur ortha go léir agus dímthig sé féin abhaile.
    Nuair a tháinig Seán airais leis an spád ní fheaca sé an leipreachán, agus ní raibh fhios aige cén áit a thoseochadh sé ag lorg ar an óir, agus chuaidh sé abhaile go hana bhrónach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Fadó ó shoin san sean aimsear do bhí fear agus a gclann ina gcomhnaidhe i measg na sléibhte agus bhí na daoine maithe ag teacht isteach go dtí an teach gach oidhche ag damhsa. An oidhche seo tháinig stróinséar go dtí an teach agus i lár na h-oidhche tháinig na daoine maithe isteach agus dubhairt an stróinséar go raibh fhios aige an chaoí chun stop da chur leis na sídheóga ag teacht isteach. I Tamnaid na Séifne i mbun Néipín a bhí an fear ina chómhnaidhe. Dubhairt an stróinséar go gcuirfeadh sé cros san doras agus ní thiocfaidh siad isteach. Do chuir siad an cros san doras agus níor mhaith leis na daoine maithe é sin. Agus do chaith siad cloch ó dian an tíghe agus mharbhuigh siad
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge