Scoil: Gleann Calraighe (uimhir rolla 15864)

Suíomh:
Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Nóra Ní Riagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 100

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 100

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Calraighe
  2. XML Leathanach 100
  3. XML “Cur an tSíl”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Le linn an Earraigh a cuirtear an síol sna guirt agus 'sna gairdíní. Nuair bhíonn deire treabtha agus fuirsighthe ag an bhfeirméoir leasuigheann sé an talamh. Aoileach nó súpar a bhíonn mar leasughadh aige.
    Cuirtear an coirce ar dtúis. Gheibheann an sioladíar sean-mhála agus deineann sé sórt aprúin de. Siubhlann sé síos suas an gort agus scaipeann sé síol 'na thimcheall. Leanann fear eile é le bráca chun an síol a chlúdach leis an gré. Ritheann sé an t-iompáchán air annsin agus cuireann sé sin bhárr deas cothrom ar an ngort.
    Cuirtear na fataí san Earrach freisin. Deintear an gardha le ráinn ar dtúis. Nuair a bhíonn na fataí le cur gearrtar iad le scín ar dtúis chun sciollan a dhéanamh dhíobh. Deineann gach práta dá sciollán. I ndriollaí a cuirtear na prataí. Deintear na driollai ar fuaid an ghuirt agus caithtear an leasughadh sna claiseannaibh (?) eatortha.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge