School: Gleann Calraighe (roll number 15864)
- Location:
- Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mayo
- Teacher: Nóra Ní Riagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Calraighe
- XML Page 100
- XML “Cur an tSíl”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Le linn an Earraigh a cuirtear an síol sna guirt agus 'sna gairdíní. Nuair bhíonn deire treabtha agus fuirsighthe ag an bhfeirméoir leasuigheann sé an talamh. Aoileach nó súpar a bhíonn mar leasughadh aige.Cuirtear an coirce ar dtúis. Gheibheann an sioladíar sean-mhála agus deineann sé sórt aprúin de. Siubhlann sé síos suas an gort agus scaipeann sé síol 'na thimcheall. Leanann fear eile é le bráca chun an síol a chlúdach leis an gré. Ritheann sé an t-iompáchán air annsin agus cuireann sé sin bhárr deas cothrom ar an ngort.Cuirtear na fataí san Earrach freisin. Deintear an gardha le ráinn ar dtúis. Nuair a bhíonn na fataí le cur gearrtar iad le scín ar dtúis chun sciollan a dhéanamh dhíobh. Deineann gach práta dá sciollán. I ndriollaí a cuirtear na prataí. Deintear na driollai ar fuaid an ghuirt agus caithtear an leasughadh sna claiseannaibh (?) eatortha.(continues on next page)