Scoil: Sean-Achaidh (uimhir rolla 12887)
- Suíomh:
- Seanachaidh, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoirí: Mícheál P. Ó Gallachobhair Seán Ó Dubhthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sean-Achaidh
- XML Leathanach 176
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)San t-sean aimsir ní e an caoi a tiochfaidh siad agus iarráidh na mná nuair do connaic an fear an bean amuigh ag déanamh rud do tiocfaidh an fear agus goidfeadh an mna gun cead ón a mháthair nó a athair.Do bhíonn coisire ar siubhail anois; do bíodh sé ar siubhail san tígh an cailín. Bíonn a lán spórt ag na daoine a bíonn ag an gcoisire mar tagann na buachaillí tuighe isteach san tígh. Cuireann siad hata tuighe ortha síos ar aghaidh agus cuireann siad gúna bán ortha agus téigheann siad amach ar an úrláir ag domhsa agus ag deanamh spórt. Bíonn dá duine igceanas na buachaillí(?) tuighe tugtar an caiptín agus an bríghdeóg. Geibheann siad uisge beatha roimh dul amach.Níl aon pisreóg ag na daoine faoi na phósoidthe san t-sean aimsir.Siad na pisreóga a chuala mé faoi phósaidhthe anois má cídhinn na daoine nuair a bhíonn siad ag dul cun pósadh a dhéanamh giarrfaidh ag dul treasna an bhóthair is a rachaidh abaile arís mar deirtear nach mbéadh aon tádh ag an beirt a pósadh agus níl sé ceart dul ar Aifreann an céad Dómhnach indiaidh iad a phósadh a déanamh. Níl sé ceart pósadh a dhéanamh Dia Luain agus Dia h-Aoine.Nior cuala mé go raibh ráis ag déanadh indhiaidh an pósta san t-sean aimsire. B. Nic Aindriú, Seanacaidh
- Bailitheoir
- Brígid Nic Aindriú
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Seanachaidh, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Barbra Ní Bhaoilean
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Seanachaidh, Co. Mhaigh Eo