Scoil: Sean-Achaidh (uimhir rolla 12887)

Suíomh:
Seanachaidh, Co. Mhaigh Eo
Múinteoirí:
Mícheál P. Ó Gallachobhair Seán Ó Dubhthaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 221

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 221

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sean-Achaidh
  2. XML Leathanach 221
  3. XML “Brian Rua Ó Cearbháin”
  4. XML “Long an Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí sé ar aimsir le feirmeoir nuair a bhí sé ina stócach agus is iomdha cineál oibre a bhíodh le déanamh aige. Sé ceann de na duadaibh a bhíodh aige ná na ba a bleogán de ló 's d'oidhche. Tárla amhlaidh, gur cheannuigh a mháighistir bó ar an aonach lá agus do thug an máighistir taithneamh speisialta don bhó chéadhna. Toiligheach a bhí innti. Dubhairt an máighistir le Brean lá a dul amach leis an mbó a bhleoghán, ach d'orduigh sé dó Brean gan an chéad braon bainne a thálfadh an bhó a ól. Ghobh Brean amach mar do h iarradh air, ach má ghobh níor chuimhnigh sé ar bhriathar a mháighistir. D'ól sé an céad braoinín agus deirtear go raibh buaidh na tairngireaithre aige ón am sin amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Chuaidh "Brean Ruadh" ar an aonach lá agus chuaidh sé ann le bó a thiubhradh braoinín beag bainne do, a cheannacht. Chuaidh Brean agus é ar intinn an bhó a cheannacht, agus gan cianóg ruadh san bpócha ag an bhfear bocht. Do chonnaic sé bó ar a mhian agus dhruid sé le chois an fhir gur leis í.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Dubhthaigh
    Inscne
    Fireann