Scoil: Sean-Achaidh (uimhir rolla 12887)

Suíomh:
Seanachaidh, Co. Mhaigh Eo
Múinteoirí:
Mícheál P. Ó Gallachobhair Seán Ó Dubhthaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 160

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 160

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sean-Achaidh
  2. XML Leathanach 160
  3. XML “Longworthy”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tháínig an fear sin Longworthy go dtí an dúthaigh seo ó'n Argentín san Americeá Teas triuchead caoga bliadhain o soin, agus do chuir sé faoi i Sean-Achaidh.
    Deirtear gur phós sé múinteóír, agus gur thréig a muinntir é mar geall ar an bpósadh sin, gur shocruigh sé a chur faoi i n-áit iargúilta. Sin é an fáth go dtáínig sé go dtí an baile Sean-Achaidh.
    Do thóg sé arus maiseamhail láímh leis an bhfairrge agus bhí chuile rud is gádh abheith i dtigh san tigh cheadhna sin. Bhí neart ártach aige, idir ártaigh óir agus ártaigh airgid agus a "initials" breacuighthe ar cuile cheann díóbh sin. Leis sin bhí a "initials" breacuighthe ar cuile éadach cláir abhí fé (?) an tighe.
    Pe rud a sprioch é - céard arinne sé acht an teach a chur tre theine agus dóghadh beagnach chuile rud abhí ann. Níor fágadh acht na fallaí, gus baineadh usáid asta, gur deosogjeadj am áot agis tá fear gurbh ainm O Murchadha do ina chomhnaidhe ann anois. Deirtear gur fhág sé an tír seo agus go ndeacaidh (?) sé tár sáíle, agus gur dhúnmharbhaigh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Dubhthaigh
    Inscne
    Fireann