Scoil: Port an Iascaigh (uimhir rolla 7903)
- Suíomh:
- Tip, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Shíthigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Port an Iascaigh
- XML Leathanach 473
- XML “Pisreoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)5) Deirtear go mbíonn cat dubh fé'n bpota oidhche olc.6) Deirtear go mbíónn an t-ádh ar an gcéad duine a théígheanns go dtí an tobar ar maidin7) Ní ceart imtheacht go dtí an tobar oidhche Nodlag beag mar deirtear go mbíonn fíon san uisce8) Dá mbeadh fear ag dul ag iascaireacht agus go gcasfaidhe bean go mbeadh gruaig dhearg uirri air níbheadh an t-ádh air an lá sin9) Má fhágtar píosa éadaigh amuigh oidhche Féile Bhríge agus má thagann tinneas ar dhuine sa etach i rith na bliadhna deirtear go bhfuil leigheas san éadach sin.10) Dá mbeadh duine ag déanamh ime agus muna mbeadh im ag teacht ar an uachtar dá gcuirfí aithine isteach sa gcuinneóig thiocfadh an t-im ar an uachtar ar an bpoinnte11) Deirtear nach ceart an rud é teine a chur síos i dteach i n-a bhfuil duine tinn maidin Bealtaine go bhfeictear deatach ag teacht as teach eile roimhe12) Dá mbeadh duien amuigh go mall san oidhche agus duine a chasadh air agus braithlín bán(leanann ar an chéad leathanach eile)