Scoil: Port an Iascaigh (uimhir rolla 7903)
- Suíomh:
- Tip, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Shíthigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Port an Iascaigh
- XML Leathanach 455
- XML “Tomhaiseacháin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tomhaiseacháin
1. Cad is aoirde ná an cnoch - an fraoch
2. Cad is buaine ná an mhóin - an luaithreach
3. Cad a théigeann as so go Baile-Átha-Cliath gan ghluaiseacht? - Bóthar Iarainn
4. Cad nac féidir a líonadh d'uisce? Criathar
5. Bó bhreac bhan ag dul anonn an tráigh. Dlaoigh 'na diaidh is í go dúr - an sruth
6. Teach mór mór é, coinnleóir ár é, tomhais an teach é is ná leis thart é - coinnleóir seaca
7. Teachtairín ó theach go teach is bíonn sé amuigh san aoidhche - casán.
8. Bíonn sé thois agus bíonn sé thair agus bíonn sé i ngairdín Baile Átha Cliath. Téigeann sí anonn go tír na long agus tigeann snall aríst ar ais - ceó.
9. Tá sé ann ó thús an saoghail agus níl sé ráite d'aois - an ghealach.
10. Ní fuil is ní feoil é is ní cnáimh é. As fuil agus feóil a d'fhás sé. Bainn an ceann de is déanfaidh sé réidhteach idir dhá náimhaidh. Cleite-Peann
11. Molt mór dubh ceann istigh dhá gleann nuair a bhogann an molt mór dubh ceann bogann an dá ghleann - Asal aus Párdóga
12. Caileach sa chlúid, bíor 'na súil is í ag ?? - Túirne(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Sorcha Ó Maoldomhnaigh
- Inscne
- Baineann