Scoil: Port an Iascaigh (uimhir rolla 7903)
- Suíomh:
- Tip, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Shíthigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Port an Iascaigh
- XML Leathanach 452
- XML “Cloch an Áidh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cloch an Áidh
Bhí Spailpín ag dul abhaile go Connamara uair amháin i ndeireadh an Fhoghmair Tháime. Tuithinn mór báistighe air agus é ar a bhealach dó. B'éigean do dul ar fascadh. Nuair a thriomuigh an uain(?) bhuail sé an bóthar arís acht ba gearr gur tháinig an oidhche air agus é in áit uaignig de'n bhóthar gan teach gan árud i ngar do. Mar bhar ar an donas bhuail an féar gorta é. D'airigh sé a cosa ag eirghe lag faoi. B'éigean do suidhe síos ar thaobh an bhóthair leis an oidhche a leigeann thairc annsan. Cén áit ar siúdh sé acht ar chloch an a. Ní raibh sé acht ina shuidhe nuair mhothuigh sé ré roilleacán ina cheann.
Do thosuigh an chloch ag casadh timcheall go mall ar dtús acht de réir a chéile mhéadaigh ar an an ngluaiseacht. San am gcéadna léim an chloch fé mar bheadh capall sciathánnach agus d'imthigh sí san aer ar luathas teintrighe, ní raibh an t-aer chomh fuar feanntach agus a cheap sé acht bhí sé ag bualadh go fuar i n-aghaidh eádain an fhir.
De réir mar sceinn an chloch tríd an spéir tháinic spreacadh in a chuisheachaibh agus misneach ina chroidhe. Dhearc sé thart agus chonnaic sé uisce(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Sorcha Ní Mhaoldomhnaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Tip, Co. Mhaigh Eo