Scoil: Port an Iascaigh (uimhir rolla 7903)
- Suíomh:
- Tip, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Shíthigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Port an Iascaigh
- XML Leathanach 450
- XML “Pisreoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Pisreóga
1. Deirtear nach ceart cupán a bhriseadh san oidhche.
2. Is ceart brat a chur ar crochadh amuigh oidhche féil Bhríghde
3. Da ngoidfí rud ar bith as theach agus dá gcuirtí sop ar an gcrochán os cionn na teine ghoebhfaí an rud a goideadh
4. An gruaig a bhaintear ó dhuine deirtear nach ceart é a chaitheamh amach ahct é a dhógadh.
5. Deirtear go mbíonn sa sidheóga ag marc. indheacht ar an buachaláin buidhé san oidhche
6. Deirtear nach ceart sméara dubha a phiocadh mar go mbíonn sidheóga ag caoitheamh sile otha ó lá Samhina amach.
7. Deirtear nach ceart a bheith ag imirt cárta go mall san oidhche.
8. Deirtear nach ceart coilleach bán a bheith ag daoine. Ní bheidh fear an tighe sláinteamhail má bhíonn.
9. Ní ceart d'aoinne cluas a chur ar féin taobh amuigh do dhoras ag éisteacht leis an ndream a bheadh istigh. Deirtear gurbh é sin obair an deabhail.
10. Deirtear nach ceart d'éinne teacht isteach 'na teach féin ar meisga.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Sorcha Ní Maoldomhnaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Tip, Co. Mhaigh Eo