Scoil: Port an Iascaigh (uimhir rolla 7903)
- Suíomh:
- Tip, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Shíthigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Gasúr a cailleadh sa sneachta.
Bhí gasúr ann uair amháin. Gasúr an-dána ar fad a bhí ann. Ní dheineadh sé rud ar bith ar a athair ná a mháthair. Bíodh sé i gcomhnuidhe ag déanamh rud eicínt nár cheart dó a dhéanamh. Lá amháin bhí an sneachta go trom ar an dtalamh agus céard a rinne an gasúr so acht imtheacht ón dteach. Shuibhal sé boime(?) agus nuair a tháinig an oidhche ní raibh áit aige chun dul isteach ann. Bhí an sneachta chomh thuigh san nárbh féidir leis teach ar bith a fheiceáil. Sa deireadh bhí an gasúr bocht sáruighthe agus ní raibh sé in h-ann coiscéim eile a shuibhal. Bhí laug air freisin mar ní raibh greim bídh ithte aige ón maidin sin. Luighe sé síos ar an sneachta agus faríor! níorbh fhada go raibh an gasur bocht caillte.
Nuair a tháinig an mhaidin chuaidh a athair ar a thóir. Fuair sé a mhac fuar marbh tamall maith o na theach féin. Thug sé an corp abhaile agus bhí córrain aca an oidhche sin. Chruinnigh na daoine óg gach árd go dtí teach an córrain an oidhche sin. BHí an t-athair agus an mátha go dubhach deórach agus deireadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Sorcha Ní Mhaoldomhnaigh
- Inscne
- Baineann