Scoil: Port an Iascaigh (uimhir rolla 7903)
- Suíomh:
- Tip, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Shíthigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann uair amháin. Bhí an fear so an-bhocht agus b'éígean do dul go Sasana fé dhéin oibre. Fuair sé obair ag déanamh long. Sa teach 'na raibh sé ar lóistín bhí droch-mheas ag bean-a'-tighe air faoi gur Ghaedheal é agus go raibh sé bocht. Nior thaithnig an áit leis sin acht an oiread mar bhí lucha go h-iomadamhail ann agus ní leigeadh siad néal codalta air san oidhche.Lá amháin agus é ag siubhal do féin casadh bean air agus cat dubh aici. Stad sé agus d'fhaifruigh sé di an ndíolfadh sí an cat. Dubhairt sí go ndíolfadh. "Cé'n luach (?) atá uait ar an gcat?" ars an fear. "O cúpla pighin" ar sise. Cheannuigh sé an cat uaithi ar chúig pighne.Shiubhal leis abhaile agus an cat 'na bhaclainn aige. Níor stad gur shroich sé a sheomra codlata agus gur fhág sé an cat istigh ann. An oidhche sin mharbhuig an cat mórán do na luchaibh agus an dara oidhche agus oidhche 'na dhiaidh sin go dtí ná raibh luch ar bith sa teach. Bhí cion mór ag an bhfear ar an gcat agus thugadh sé biadh agus deoch dá fheabhas dó.An lá áírithe seo bhí long nua(leanann ar an chéad leathanach eile)