School: Port an Iascaigh (roll number 7903)
- Location:
- Tip, Co. Mayo
- Teacher: Eibhlín Ní Shíthigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Port an Iascaigh
- XML Page 473
- XML “Pisreoga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)5) Deirtear go mbíonn cat dubh fé'n bpota oidhche olc.6) Deirtear go mbíónn an t-ádh ar an gcéad duine a théígheanns go dtí an tobar ar maidin7) Ní ceart imtheacht go dtí an tobar oidhche Nodlag beag mar deirtear go mbíonn fíon san uisce8) Dá mbeadh fear ag dul ag iascaireacht agus go gcasfaidhe bean go mbeadh gruaig dhearg uirri air níbheadh an t-ádh air an lá sin9) Má fhágtar píosa éadaigh amuigh oidhche Féile Bhríge agus má thagann tinneas ar dhuine sa etach i rith na bliadhna deirtear go bhfuil leigheas san éadach sin.10) Dá mbeadh duine ag déanamh ime agus muna mbeadh im ag teacht ar an uachtar dá gcuirfí aithine isteach sa gcuinneóig thiocfadh an t-im ar an uachtar ar an bpoinnte11) Deirtear nach ceart an rud é teine a chur síos i dteach i n-a bhfuil duine tinn maidin Bealtaine go bhfeictear deatach ag teacht as teach eile roimhe12) Dá mbeadh duien amuigh go mall san oidhche agus duine a chasadh air agus braithlín bán(continues on next page)