School: Port an Iascaigh (roll number 7903)
- Location:
- Tip, Co. Mayo
- Teacher: Eibhlín Ní Shíthigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Port an Iascaigh
- XML Page 434
- XML “Ridire na Cleithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ridire na Cleithe
Bhí bean ann fadó agus bhí mac amháin aici,. An lá a rugadh an mac cuireadh crann i ngairdín an tighe. Nuair a bhí an mac seacht mbliana d'aois thug a mháthair go dtí an gcrann é agus dubhairt sí leis é a tharraingt. Rug an mac ar an gcrann agus tarraing ar a dhícheall acht níos tháinig an crann leis.
Nuair a bhí an mac cheithre bliana déag d'aois thug a mháthair go dtí an gcrann arís é agus dubhairt sí leis é a tharraingt. Rinne an mac a dhícheall chun é a tharraingt acht theip air aríst.
Nuair a bhí an mac bliadhain is fiche thug a mháthair go dtí an gcrann arist é. Rug sé ar an gcrann bhain sé tarraingte as agus thug sé leis as na freamhachs é. "Maith tú" ars a mháthait "beidh an cann san mar cleith afat agus baistim sé "Ridire na Cleithe" ort. "Maith go leor" ars' an mac. Rachadhsa ag cuard m'fhortúin anois".
Lá 'r na bhárach bhí dhá bhuillín déanta ag a mháthair do. Búilín mór agus builín beag. "Ciocu a b'fhéarr leat" ar sise leis "an builín mór is mo mhallacht nó an builín beag is mo bheannacht". "B'fhear liom an bheannacht agus an builín beag agus beannacht mo(continues on next page)- Informant
- Sorcha Ní Maoldomhnaigh
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- Tip, Co. Mayo