School: Inbhear (roll number 12568)
- Location:
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Tomás Mac Gearbhuigh
![The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 712](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0130%2FCBES_0130_712.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 712
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chuaidh sé amach sa bhfiarrge [!] agus bhí sé ag cuir cúbhar bán in íochtar agus gainimh glan in úchtar. Bhí na h- eascoin is na péistí móra ag lúbadán agus ag labadán ar bhois agus ar chois na maide rámha. Níor fhág sé céad fice gan síneadh maide ramha gan briseadh go dtanaig sé isteach ar thalamh na h-Éireann in íochtar an domhain thiar. Caith sé ancaire agus chuaidh sé go dtí an teach a raibh sé ann sul ar imtigh sé agus bhí siad an- bhrónach. D'fiafruigh sé díobh tuige a raibh siad chomh brónach agus dúbhairt siad gur thóig siad fear deas agus gur imtigh sé uatha seacht mbliadhain ó shoin agus nach dtanaig sé ar ais acu agus go raibh inghean an rígh ag dul a phósadh agus go mbeadh féasta acu ar feadh seacht n-oidhche agus seacht lá agus nach raibh aon éadaigh acu le dul ann. Chuir an Baideán éadaigh úra ortha agus chuaidh siad chuig teach an rígh agus chuir siad teachtaire isteach ag an rígh a rádh leis go raibh sé ag teastál ó'n mBaideán. Thainig an rígh amach aige agus thug
Baideán an fiacal dó agus bhí sé chomh(continues on next page)- Collector
- Máire Muiltheach
- Gender
- Female
- Address
- Gort Meille, Co. Mhaigh Eo