School: Inbhear (roll number 12568)
- Location:
- An tInbhear, Co. Mayo
- Teacher: Tomás Mac Gearbhuigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inbhear
- XML Page 567
- XML “Ciste Óir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ciste Óir
Tá Aindréas Ó Deagánaigh in a chómhnaidhe i nGortbreach atá suidhte ar an taobh thoir thuaidh de chuan an Inbhir in Iorrus i gCo Mhuigheó. Tá trí fichead blian ó shoin ó bhí sé ag brionlóide oidhche amháin go bhfuair sé ciste óir in a leithead seó do chúais agus shíl sé go raibh sé ag breathnú glan díreach ar an gcana óir agus é deanta d'adhmad agus dhá lata thart air agus go raibh lámh ádhmaid treasna ar a bhéal le'n é thógáil agus é líonta go béal le ór. Bhí péiste ag faire an óir agus bhíodh sé sgataí in a bean óg chomh deas agus a chonnaic sé aríamh. Dubhradh leis sa mbrionglóid a dhul an leithead seo de uair go dtí an áit a raibh an ciste agus gur i dtalamh Mhártan Ó Dubhasa a bhí sé - Tá fhios aige an áit go fóill - agus é a dhul ann sa lá agus go mbeadh an péiste imthighthe agus beirt bhuachaillí eile a bheith leis fear de mhuinntir Bhreathnaigh agus fear de mhuinntir Náraí agus cat a thabhairt leó agus an chat a chaitheamh síos san áit a dtógfadh siad an t-ór agus annsin go mbeadh aca. Acht nuair a d'éirigh(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Nuainn
- Gender
- Female
- Address
- An tInbhear, Co. Mayo
- Informant
- Aindréas Ó Deagánaigh
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Address
- An tInbhear, Co. Mayo