School: Inbhear (roll number 12568)

Location:
An tInbhear, Co. Mayo
Teacher:
Tomás Mac Gearbhuigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 746

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 746

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inbhear
  2. XML Page 746
  3. XML “An Fear Feasa”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus rugadh mac dó. Bhí sé mar béal-oideas san áit go mbéad 'fios' ag aon pháiste a gheobhfadh trí braon as gob fiacha duibh idir lá a bhreithe agus lá a bhaiste. An maidin réis breith na leinbhe thóg an fear a ghuna agus amach leis ar lorg fiacha duibh. Bhí sé ag siubhal is ag cuartadh go dtánaig dúin is deireadh an lae ach súil níor fág sé ar fhiach dubh b'fearacht sin leis an dara lá chomh maith. Maidin Dé Domhnaigh a beadh an treas lá agus bhí an páiste le baisteadh an lá sin. Le breacadh an lae bhí an fear in-a suidhe. Ghléas sé é féin is chuaidh amach. Ach ní raibh bealach fada le dul aige an lá seo mar céard a bhéadh
    i-na shuidhe go sásta ar chruach mhóna taobh leis an teach ach fiach dubh. Rug an fear ar an bhfiach dubh gun a marbhuigheadh agus thug sé trí braon as - gob an éan d'on mhac. D'fhás an páiste agus cuaidh sé anonn i mbliadanta. Nuair a bhí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1000: Bargain Not to Become Angry
    Language
    Irish