Scoil: Port Urlainn

Suíomh:
Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Liam Breathnach
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 252

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 252

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Port Urlainn
  2. XML Leathanach 252
  3. XML “Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    127) Ní dheánfaidh cainnt an obair
    128) Is fearr "seo é" na "cá bhfuil sé"
    129) Is fuinntaighe poll ná paiste

    130) Tá iasg ar an toinn chomh maith agus a marbhuigheadh go fóill

    131) Nuair a chruaidhigheas an t-slat is deacar a díriú
    132) Ní bhfuarthas cat ariamh le spreagadh

    133) An rud nach gcuirtear san Earrach ní bhainfear sa bhFóghmhar

    134) Sábháilfidh tú tú féin ar an ngadaidhe ach ní shábháilfidh tú tú féin ar an mbreág

    135) Níl cogadh dá mhéid nach siothchán a dheireadh

    agus níl tuille dá mhéid nach

    136) Is treán chuile sheort ach glor Flaitheasa
    137) Ceárd a dhéanfadh pisín cait ach luch a mharbhú (?)
    138) Biodh eagla ort agus ní baoghal duit
    139) Is minic a cheap daill gearrfiadh
    140) Is minic abhí an t-ádh ar an bhfear abhí ólta

    141) Is fada anonn an rud NACH gCUIRFIDH Dia anall
    (a chuirfeas - a fuair mé)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge