Scoil: Port Urlainn
- Suíomh:
- Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Breathnach

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 161
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Port Urlainn
- XML Leathanach 161
- XML “Cistí Óir”
- XML “Cistí Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Murchadha thoisigh na madaigh ag tafann. Shíl an bheirt gur dream abhí le na robáil abhí ann agus chuir siad an t-ór i bhfollach. Bhí an ghealach ag lonnradh ar an gcnocán seo faoi ar cuir siad an t-ór agus sin an marc abhí aca; ach nuair a tháinig siad ar ais le h-aghaidh an airgid bhí an ghealach imthighthe faoi agus níorbh fhéidir leo é a fhágháil ó shion. Tá sé annsin go fóill.
- Fadó shion, tuairim ceithre céad bliadhan ó shion anois tháinig long isteach i gcuan an Inbhir agus shéid an stoirm uirre agus báitheadh í. Bhí tronca óir uirre agus chuaidh an tronca go tóin na fairrge. Chuaidh muinntir an (h-) Inbhir amach i mbádaibh le h-aghaidh an tronca ach sharuigh sé ortha é a fhághail mar bhí péiste mhór ag tabhairt aire dhó agus ní leigfeadh sé dhóibh é a thabhairt leó.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tomás Ó Dómhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Dhómhnaill
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo