School: Port Urlainn

Location:
Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo
Teacher:
Liam Breathnach
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 164

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 164

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Port Urlainn
  2. XML Page 164
  3. XML “Scéalta Grinn - An Gasúr agus an Míol Mór”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí long ag dul go Meiriocá uair amháin agus nuair abhí sí tamall ar an bhfairrge chonnaic na paisinéirí míol mór ag tigheacht ina diaidh. Bhí faitchíos ag teacht ar an gcaipín agus chaith sé amach cathaoir. Shlog an míol mór í, ach ní rabh sé sásta. Chaith sé amach gabhar; shloig an míol mór é ach níor imthigh sé. Annsin chaith sé amach naigín; shloig an míol mór é ach níor imthigh sé. Ar deireadh chaith sé amach buachaill an Chabáin. Shloig an míol mór é agus d'imthigh sé. Nuair abhí an long ag teacht i dtír i Meiriocá connaic an caiptín go leor daoine thíos ag an gcladach agus céard abhí ann ach an míol mór agus é marbh. "Fosgail é" ars an caiptín. D'fhosgail siad é agus cad a fuair siad ann ach an buachaill ina shuidhe ar an gcathaoir agus é ag bleaghan an ghabhair isteach sa naigín. Bhí oiread iongantas ar an gcaiptín gur beag nár thuit sé marbh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Ní Mháille
    Gender
    Female
    Address
    Sraith an tSeagail, Co. Mhaigh Eo
    Informant
    Pádraig Ó Máille
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Address
    Sraith an tSeagail, Co. Mhaigh Eo